Read the passage and choose the correct answer about extra-curricular activities in Caoimhe’s school.
Léigh an t-alt agus roghnaigh an freagra ceart faoi imeachtaí seach-churaclaim i scoil Chaoimhe.
Gach dara bliain, cuireann muid ceoldráma den scoth ar an ardán ar scoil agus tá cór agus ceolfhoireann fíormhaith againn mar gheall ar dea-obair na Máistreása Ní Chofaigh. Tá traidisiún láidir peile againn fosta agus imríonn mo chairde uilig ar an fhoireann líonpheile. Tá níos mó daoine sa chumann timpeallachta agus sa chlub teicneolaíochta ná riamh roimhe.
Drámaíocht an t-ábhar is fearr liomsa ar scoil. Tá sé ar intinn agam drámaíocht a dhéanamh ar an ollscoil. Chuir mé suim sa drámaíocht den chéad uair nuair a thug mé cuairt ar Amharclann na Lyric i mBéal Feirste sa tríú bliain. Bhí an dráma ar fheabhas agus shíl mé go raibh an amharclann gleoite. Dár ndóigh, tá amharclann an Lyric breis agus caoga bliain d’aois. Téim chuig drámaí ansin chomh minic agus is féidir liom.
Tógadh amharclann úrnua dúinn féin ar scoil cúig bliana ó shin agus is áis iontach í. Bím ag siúl thart ar an scoil s’againne ag amharc ar na pictiúir ar na ballaí de na drámaí thar na blianta agus bíonn bród orm as an traidisiún láidir atá againn agus líon na ndrámaí a bhí ar an ardán seo thar na blianta.
What career path does Caoimhe have in mind?